Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo mar go mbaineann sé le hábhar a thagann faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt. Titeann a leithéid de cheist faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus ní thagann sé faoi scóip an Bhille seo. Chomh maith leis sin, le himeacht ama táim ag súil go mbeidh níos mó eagraíochtaí san earnáil phríobháideach faoi raon feidhme an Achta toisc go bhfuil seirbhís poiblí á sholáthar acu faoi chonradh. Bheadh sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge. Beidh buntáiste faoi leith ag dul do na heagraíochtaí seo; beidh seirbhís dhátheangach nó ilteangach acu agus is ábhar dearfach sin a d'fhéadfadh siad a lua sna meáin shóisialta nó in ábhar margaíochta chun tuilleadh custaiméirí a mhealladh ina dtreo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24