Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tá Sinn Féin sásta tacú go hiomlán leis an leasú seo. Rinne ár dTeachtaí Dála iarracht foráil mar seo a chur sa Bhille chun próiseas ceadúnaithe a bhain le cuideachtaí bainc, fóntais agus cumarsáide a chlúdach faoin Acht, ionas go mbeadh custaiméirí in ann cumarsáid trí Ghaeilge a dhéanamh leis na comhlachtaí sin agus seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, ach níor ceadaíodh ár gcuid leasuithe. Is ábhar imní é go bhfuil príobháidiú déanta agus fós á dhéanamh ar a lán bunseirbhísí poiblí agus go ndéanann sé sin dochar do na cearta teanga atá ag Gaeilgeoirí i leith na seirbhísí sin freisin. Níl aitheantas sa reachtaíocht don ról atá ag rialtóirí poiblí ó thaobh na cearta sin a chinntiú. Luaigh baill den phobal linn an fhadhb atá ann i gcás an chrannchuir náisiúnta, mar shampla, agus ní bhaineann sé le líon na liathróidí atá ann. In 2003, bhí an crannchur náisiúnta luaite i Sceideal 1 den Acht agus mar sin, bhí daoine in ann cumarsáid a dhéanamh----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24