Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel I have seen the light. Nuair a bhí an crannchur náisiúnta luaite i Sceideal 1 den Acht, bhí daoine in ann cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an gcrannchur. Ó shin, tugadh conradh do chuideachta phríobháideach chun an crannchur a rith agus cuireadh an rialtóir sa Sceideal ina háit, ach is éard a tharla i ndáiríre ná go bhfuair an Rialtas réidh le cúraimí teanga an chrannchuir. I gcomhthéacs na díospóireachta faoin gcrannchur a bheith níos deacra anois toisc an iomarca liathróidí a bheith in úsáid, is trua nár pléadh go bhfuil cearta Gaeilgeoirí, chomh maith leis an seans bua a fháil, imithe in éag. Ar a laghad sa leasú seo atá molta ag an Seanadóir Higgins, cinnteofar go bhfuil sainfháil phoiblí clúdaithe agus go mbeidh caighdeán teanga san áireamh nuair a thugtar conradh d'aon chomhlacht dá réir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24