Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Rónán Mullen (IND), National University of Ireland Tacaím go huile is go hiomlán leis an méid atá á rá ag mo chomhghleacaithe anseo. Ní bheadh sé ciallmhar dá mbeadh dualgas ar an Stát leibhéal áirithe seirbhíse a sholáthar do lucht labhartha na Gaeilge ach go raibh saghas éalaithe agus cúlaithe i gceist toisc go raibh siad ag fáil na seirbhísí trí chonradh ó ghrúpa nó ó eagraíocht sheachtrach nach mbeadh an dualgas céanna orthu. Ní luíonn sé le ciall. Ba chóir go mbeadh an caighdeán céanna i gceist agus nach mbeadh bealach éalaithe ag aon eagraíocht Stáit ó chomhlíonadh a dhualgais trí sheirbhísí a fháil ó ghrúpaí lasmuigh nach mbeadh na dualgais chéanna orthu. Tá an leasú atá molta ag mo chomhghleacaí 100% loighciúil agus ba chóir go nglacfadh an tAire Stáit leis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24