Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifidh mé leasuithe Uimh. 21, 28 agus 33 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Is leasuithe de chuid an Rialtais iad na leasuithe seo ar fad. Maidir le leasú Uimh. 21, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “tríd an méid” go dtí “tríd an alt” ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla sa Bhille, a deir “of the following section”. Is leasú riaracháin atá i leasú Uimh. 28, a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú agus an focal “ná” a chur isteach ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla, a deir “not later than 30 June”. Maidir le leasú Uimh. 33, is leasú riaracháin atá i gceist a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a leasú ó “Choiste Chomhairligh” go dtí “Choiste Logainmneacha”. In alt 31B(7) den phríomh-Acht, déantar tagairt don choiste chomhairligh seachas don choiste logainmneacha. Tá leasú de dhíth ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla. Molaim na leasuithe seo don Teach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24