Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 22: I leathanach 17, líne 22, “d'aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht” a scriosadh agus “d'aon bhuiséad fógraíochta a úsáidfidh an comhlacht” a chur ina ionad. Seo arís smaoineamh ó Chonradh na Gaeilge. Tá an leasú seo ag iarraidh cinntiú go mbeidh 5% de bhuiséad fógartha comhlachta caite ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge. Seachas 5% amháin a rá, déanann sé ciall an fhoclaíocht “d'aon bhuiséad fógraíochta” a úsáid, chun a bheith cinnte go mbeidh airgead mór i gceist chun an Ghaeilge a bhrú chun cinn ó thaobh fógraíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24