Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Mar atá ráite ag an Seanadóir Kyne cheana féin, seo leasú simplí ó Chonradh na Gaeilge chun an fhoclaíocht sa Bhille a shoiléiriú. Is de bharr feachtasaíochta ó Chonradh na Gaeilge, lenar ghlac gach páirtí, go bhfuil an fhoráil sa Bhille faoi 5% d’fhógraíocht comhlachta phoiblí a chur sna meáin Ghaeilge. Is maith an rud é go bhfuil sé sin ann ach tá sé tugtha faoi deara ag Conradh na Gaeilge nach bhfuil sé seo soiléir. Cad is brí le 5% d’aon fhógraíocht? An sin 5% de líon na bhfógraí, 5% d’achar na bhfógraí foilsithe i gcló nó 5% den am fógraíochta ar an teilifís nó an raidió? Tá sé róchasta agus is léir nach bhfuil sainmhíniú fiú ag an Aire Stáit go dtí seo. Rud a bheadh níos deise agus a chinnteodh maoiniú do na meáin Ghaeilge, mar a bhí ann fadó ó chomhlachtaí poiblí trí mhargaíocht iontu, ná dá sonródh an reachtaíocht 5% "d’aon bhuiséad fógraíochta". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24