Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tacaíonn Sinn Féin go huile is go hiomlán leis an leasú seo ón Seanadóir Kyne. Tá dainséar ann nach mbeidh sa choiste comhairleach ach quango nó talking shop eile gan fhreagracht a bheith ar Aire nó Airí as an obair atá de dhíth ar an gcoiste a dhéanamh. Is maith an rud é freisin nach bhfuil an dualgas á fhágáil ag an Seanadóir Kyne go hiomlán ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach go bhfuil aitheantas anseo go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach freisin as feidhmiú an choiste chomhairligh seo atá le plean a chur le chéile don státseirbhís iomlán. D'fhéadfadh an státseirbhís neamhaird a thabhairt ar phlean ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach tá ról díreach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i gceannas ar an státseirbhís. Caithfidh an dá Aire a bheith freagrach as athghéilleadh an Stáit nó ar a laghad as cur chun cinn na Gaeilge agus baint amach na spriocanna don Ghaeilge sa státseirbhís. Mar sin, tá an leasú seo riachtanach chun a chinntiú go mbeadh fiúntas ag baint le hobair an choiste comhairligh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24