Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Kyne as leasú Uimh. 23 a mholadh ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Beidh suíochán ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste comhairleach agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis sin beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar faoi chuideachta ailt 18F(4) den Bhille mar a sheasann sé faoi láthair. Tá dualgas ar an Aire san alt sin cóip de thuarascáil reatha an choiste comhairligh agus cóip den tuarascáil faireacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh againn. Tá córas faireacháin den scoth beartaithe agam leis an méid atá sa Bhille cheana a bhaint amach. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24