Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta mar sprioc den straitéis atá ann don státseirbhís do 2030, rud a léiríonn tacaíocht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Rialtais don togra seo. Is ag mo Roinn atá an saineolas maidir le cúrsaí teanga agus beimid ag obair as lámha a chéile chun na spriocanna sa Bhille a bhaint amach. Tá an Rialtas freagrach do Thithe an Oireachtais chun an plean seo a chur i bhfeidhm. Níl Aire amháin nó Aire eile freagrach as ach tá an Rialtas freagrach as an mBille, an struchtúr nua agus an plean náisiúnta a chur i bhfeidhm. Tá sé mar an gcéanna le haon phlean eile mar sin níl aon Aire amháin freagrach as an bpróiseas seo. Beidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an-tábhachtach tríd an bpróiseas agus beidh sprioc earcaíochta ann nuair a bheidh an Bille seo achtaithe. Beimid ag obair le chéile chun na straitéise agus an phlean nua a chur i bhfeidhm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24