Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tá a fhios agam go mbeidh an Rialtas freagrach as an gcoiste comhairleach as ucht an céatadáin ach an rud a tharlaíonn go minic ná go bhfágann an Rialtas sprioc faoi Aire amháin, agus faoi láthair fágtar chuile rud faoin Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Sin an faitíos atá orm. Níl an tAire Stáit chun glacadh leis an leasú mar sin tá mé chun é a tharraingt siar. Níl mé sásta é a tharraingt siar ach tá mé chun an méid sin a dhéanamh. Impím arís ar an Aire Stáit smaoineamh air seo idir seo agus an chéad Chéim eile. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24