Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 24: I leathanach 21, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “(4) Aon chomhaltaí a cheapfar faoi alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh siad ag grád Príomhoifigigh Cúnta, ar a laghad, laistigh de struchtúr gráid na státseirbhíse.”. Táimid ag caint arís faoi thaithí. Mar a leagtar amach in alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh comhaltaí ainmnithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,beidh comhaltaí eile ainmnithe mar ionadaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus beidh comhalta eile ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Níl sé scríofa cén leibhéal sa státseirbhís a bheas na hionadaithe seo nó cén sórt taithí a bheas acu. An imní atá orm ná go mbeidh feidhmeannaigh nuacháilithe ainmnithe ag na Ranna éagsúla seachas daoine ag leibhéal sinsearach le taithí san ábhar a bheidh á phlé acu. Teastaítear go mbeidh leithéidí an Ard-Rúnaí sásta éisteacht leo agus na rudaí a thagann ar ais uathu a thógáil san áireamh. Ag cén leibhéal a bheidh na daoine a bheas ainmnithe tríd alt 18B(3)(a), (b) agus (c)? Dhéanfadh sé ciall go mbeadh siad ag leibhéal níos airde ná mar atá leagtha amach ansin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24