Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Mar is eol don Aire Stáit, pléadh go mion sa Dáil cé ar chóir a bheith ar an gcoiste comhairleach seo, agus bhí Teachtaí as gach páirtí ag lorg go mbeadh níos mó daoine neamhspleácha ó lasmuigh den státseirbhís ann agus go mbeadh gnáthphróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí in úsáid chun ionadaithe a roghnú. Dhiúltaigh an tAire Stáit do na moltaí sin, ach é sin ráite, tá dainséar ann dá nglacfaí leis an leasú seo go mbeadh daoine sinsearacha in áit saineolaithe nó daoine le suim acu i gcur chun cinn na seirbhísí Gaeilge ceaptha ar an gcoiste. Ní gá go mbeadh príomhoifigigh cúnta amháin oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gcoiste agus tá gach seans ann go mbeadh príomhoifigeach cúnta frith-Ghaelacha gan Ghaeilge ann fiú nár chóir a chur ar an gcoiste toisc go gcuirfeadh sé nó sí i gcoinne dul chun cinn. I gcomhlachtaí poiblí féin ba chóir go mbeadh daoine sinsearacha freagrach as cur i bhfeidhm na spriocanna teanga ach ba chóir don Seanadóir Kyne a mhíniú, munar mhiste leis, cén fáth ar chóir d'ionadaithe anseo a bheith sinsearach freisin in áit daoine cáilithe, in áit saineolaithe agus daoine atá báúil don Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24