Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Gabhaim buíochas as sin. Ní raibh mé ag súil go nglacfadh an tAire Stáit leis an leasú. Táim sásta é a tharraingt siar. Bhí mé ag iarraidh a chur isteach sa reachtaíocht go mbeadh daoine ann le taithí ag leibhéal sinsearach go leor ionas go mbeadh an tAire Stáit agus feidhmeannaigh shinsearacha sásta rudaí mar seo a phlé leo agus a bheith dáiríre faoi na rudaí a bheadh á rá acu. Is é sin a bhí mé ag smaoineamh air ach, mar a dúirt mé, táim sásta an leasú a tharraingt siar. Mar a luaigh mé, níl a fhios agam an mbeidh Gaeilge ag chuile dhuine ar an gcoiste seo nó an bhfeidhmeoidh sé trí mheán na Gaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin deimhnithe. Bíonn sé deacair uaireanta, mar atá a fhios againn. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo agus ag déileáil leis na rudaí seo. Bíonn sé deacair daoine le Gaeilge a fháil. Is ceann de na ceisteanna é sin. Mar a dúirt mé, táim sásta an leasú a tharraingt siar. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24