Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 25: I leathanach 25, líne 14, “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” a chur ina ionad. Tá eolas fíorthábhachtach i gceist anseo i gcomhthéacs na hoibre a bheidh an coiste comhairleach á déanamh. Sa leasú seo, molaim go mbeidh “gach 5 bliana tar éis an lae bunaithe” scriosta amach agus “bliain amháin tar éis an lae bunaithe agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin” curtha ina áit. Ciallaíonn sé sin go mbeidh eolas againn ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Déanann sé sin ciall mar, dá mbeadh an t-eolas sin againn, bheadh a fhios againn conas mar atáimid ag dul. Is ceann de na fadhbanna atá ann nuair atáimid ag déileáil leis an daonáireamh ná nach bhfuil daonáireamh ann ach gach cúig bliana, nó sé bliana sa chás seo. Ní bhíonn an t-eolas go léir againn faoi conas mar atá rudaí ag dul ó thaobh na teanga. Táimid ag iarraidh céatadán de 20% a bhaint amach faoi 2030. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh eolas againn ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus araile. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24