Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim leasú Uimh. 27: I leathanach 27, línte 34 go 38 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “(b) an dáta a shonrú faoina ndéanfar na seirbhísí go léir arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí do Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus féadfar dátaí éagsúla a shonrú i leith Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta éagsúla, ach ní bheidh an dáta níos déanaí ná an 31 Nollaig 2030.”. Arís, is leasú é seo a bhfuilim sásta é a tháinig siar. Tháinig sé ó Chonradh na Gaeilge. Molann sé go sonrófar spriocdháta a mbeidh seirbhísí ó gach comhlacht poiblí curtha ar fáil do na limistéir phleanála teanga Gaeltachta as Gaeilge roimhe. Arís, déanann sé sin ciall. Bheadh an t-athrú sin ar leathanach 27. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24