Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tairgim leasú Uimh. 30: I leathanach 35, idir línte 20 agus 21, an méid seo a leanas a chur isteach: “(3) Ullmhóidh agus eiseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, a bheidh bunaithe ar an gcuspóir comhlachtaí poiblí a spreagadh chun a gcuid dualgas teanga a chomhlíonadh, ina leagfaidh sé amach— (a) moltaí sonracha i ndáil leis na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas chun fíneálacha agus pionóis airgid a fhorchur ar chomhlachtaí poiblí a sháróidh na dualgais teanga a chuirfear orthu sna caighdeáin agus sa reachtaíocht, (b) an ról is féidir a bheith ag an gCoimisinéir Teanga sa phróiseas faireacháin, (c) modhanna inar féidir an t-airgead arna bhailiú de thairbhe fíneálacha a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus (d) amchlár féideartha chun an córas molta nó na córais mholta a chur i bhfeidhm. (4) Cuirfidh an Coiste an tuarascáil faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir tar éis an dáta a eiseofar í.” --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24