Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tairgim leasú Uimh. 31: I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”: “(2) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): “(bb) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,”. (3) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d): “(dd) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoi fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,”. (4) Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): “(ee) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoi fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid, agus”.”. Déanann leasú Uimh. 31 iarracht botún an Aire Stáit a cheartú. Dúirt sé go raibh sé i gceist aige na cumhachtaí céanna a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le hachtacháin eile agus atá aige de réir Acht 2003. Ní dhearna sé é sin áfach toisc nár bhac sé leis an gcumhacht fhaireacháin in alt 21(a) den Acht sin a leathnú go hachtacháin eile. De réir na foclaíochta sa Bhille seo, níl cead ag an gcoimisinéir beart a dhéanamh chun cinntiú go gcomhlíonfar forálacha in achtacháin eile; comhairle a thabhairt don phobal maidir lena gcearta faoi achtacháin eile; nó comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí faoi achtacháin eile. Mar sin, tá an Bill seo easnamhach agus ní dhéanann sé ciall go mbeadh an coimisinéir ag cur oibre isteach chun faireacháin a dhéanamh gan aon deis comhairle a thabhairt nó beart a dhéanamh. Molaim don Aire Stáit tabhairt faoi na cumhachtaí eile seo a fhorleathnú chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24