Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Rinne mé cur síos ar na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga i bhfreagra níos luaithe. Anuas ar sin, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hOifig an Choimisinéara Teanga agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigeach a fháil, tá sé i gceist ag an Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga mar atá molta i leasuithe an Rialtais. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla agus tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtachán eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is céim chun cinn é seo a dhéanfaidh difríocht mhór d'obair an choimisinéara. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24