Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Ní raibh mé ag súil go mbeadh an Rialtas ag glacadh leis agus táim sásta é a tharraingt siar. Ag an am céanna, ó am go ham bíonn conspóid áitiúil faoi rudaí mar seo. Níor chuala mé é go minic go raibh mórán d’fhadhb leis an ainm oifigiúil Béarla ach ag an am céanna b’fhéidir go dtarlaíonn sé sin freisin. Cloisim faoi fhadhbanna maidir leis an ainm Gaeilge, i mbailte móra ach i mbailte beaga freisin. I mo cheantar féin tá ceantar darbh ainm Tullokyne i mBéarla. Sin an t-ainm a thuigeann daoine ón áit ach is Tulaigh Mhic Aodháin an t-ainm oifigiúil don cheantar agus ní raibh mórán daoine ar an eolas go dtí gur tháinig sé amach ón gCoimisiún Logainmneacha gurb é sin an t-ainm oifigiúil. Tá mé sásta an leasú a tharraingt siar ach is rud é seo a thagann suas sórt minic agus tá sé in am go mbeadh réiteach air. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag obair air. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24