Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tairgim leasú Uimh. 35: I leathanach 43, idir línte 33 agus 34, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht 15 . Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): “(4) In aon logainm nua arna dhearbhú ag an Aire nó ag údarás áitiúil le haghaidh aon fhorbairt nua ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ní dhearbhófar ach an leagan Gaeilge agus is ag an logainm Gaeilge amháin a bheidh feidhm agus éifeacht.”.”. Is leasú simplí é seo a chinnteoidh go mbeidh aon logainm nua sa Stát dearbhaithe i nGaeilge amháin. Cuideoidh sé seo leis an nGaeilge a lárú i bpobal nua agus le feiceálacht na Gaeilge, chomh maith le hiarracht a dhéanamh deireadh a chur le Béarlú na hÉireann, a thionscainn arm na Breataine. Tá an múnla seo i bhfeidhm ag údaráis áitiúla ar leith cheana féin, ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ach ba chóir go mbeadh sé mar pholasaí náisiúnta sa Stát go léir. Teanga álainn í an Ghaeilge agus ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti. Sin an fáth gur cheart don Aire Stáit glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24