Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú toisc nach dtagann sé faoi scóip an Bhille. Mar sin ní bheidh sé cuí é seo a chur san áireamh. Cé nach bhfuil sé iomlán soiléir céard atá i gceist ag an Seanadóir anseo, glacaim leis go bhfuil sé ag déanamh tagairt do chóras ainmniúcháin d’eastáit tithíochta nua. Tá sé i gceist agam an cheist seo a láimhseáil trí na caighdeáin nua agus bheinn ag súil go mbunóidh na comhairlí contae an coiste logainmneacha chun na ceisteanna logainmneacha a phlé. Tá an córas seo i bhfeidhm i nGaillimh agus tá sé ag obair amach go maith. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24