Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo mar nach dtagann sé faoi scóip an Achta agus ní bheidh sé cuí é a chur san áireamh sa reachtaíocht seo. Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go mbeidh mé in ann obair as lámha a chéile leis na bainc chun an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí sa chóras baincéireachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24