Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar aon le leasú Uimh. 36, ní bheidh mé ag glacadh leis. Mar atá sé, tá dualgas reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga faoi Acht an Gharda Síochána, 2005 gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá é sin indéanta. Tuigtear dom go bhfuil céimeanna á dtógáil ag An nGarda Síochána chun a dhéanamh cinnte de go ndéanfar amhlaidh. Ní miste a rá freisin go dtabharfar aghaidh ar sholáthar gardaí le Gaeilge nuair a bheidh an taighde á dhéanamh ar an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge a chur i dtoll a chéile. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24