Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage Seanad Éireann — 2021-11-24 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Is iontach a fheiceáil go bhfuil Sinn Féin anois ar thaobh An Gharda Síochána. Tá dualgais ag Coimisinéir an Gharda Síochána maidir leis an teanga agus leis an obair a dhéanann an tseirbhís agus go mbeadh gardaí trasna na Gaeltachta uilig. Tá a fhios ag an Seanadóir go ndearna an comhchoiste obair ar an ábhar seo. Rinne an Coimisinéir Teanga obair air agus d’fhoilsigh sé tuarascáil agus chuir sé os comhair Chomhaltaí Thithe an Oireachtais í. Tá dualgas air mar atá leagtha amach sa straitéis 20 bliain don teanga. Tá an obair déanta ag an Stát, ag an Rialtas agus ag Tithe an Oireachtais ach níl na riachtanais sin á chomhlíonadh ag Coimisinéir An Garda Síochána. Is ceart go gcoinneoimid an brú air ach tá sé leagtha amach sa straitéis go dlíthiúil gur cheart go mbeadh gardaí trasna na tíre ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i stáisiúin na nGardaí sa Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-11-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:51+00:00 Sitting date: 2021-11-24