An Garda Síochána Dail Éireann — 2021-11-25 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire as an freagra sin. Fuair mé an freagra tar éis dom an cheist a chur isteach ach ní dhéileálann an freagra leis an gceist i gceart. Is í an cheist atá curtha ar an Aire ná sula ndearna sí an t-ordú a shíniú, ar labhair sí leis an Aire Stáit le freagracht i leith cúrsaí Ghaeilge agus Gaeltachta nó ar labhair sí leis an gCoimisinéir Teanga mar is ait go raibh Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus níor luaigh sé go raibh an t-athrú seo ag tarlú. Is a mhalairt de threo a bhí sé ag caint faoi nuair a bhí sé os ár gcomhair. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an lámh ar chlé ag labhairt leis an lámh ar dheis agus nach n-aithníonn an córas Stáit go bhfuil fadhb bhunúsach ann maidir le leibhéal seirbhísí i nGaeilge ón nGarda Síochána. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-11-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:52+00:00 Sitting date: 2021-11-25