Estimates for Public Services 2020 Dail Éireann — 2020-07-09 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Déanaim comhghairdeas leis an mbeirt Airí nua. Guím gach rath ar an mbeirt. Tá trua agam don Aire sinsearach mar ní dóigh liom gur féidir níos mó cúraimí a chur faoin a stiúir. Baineann a ról le turasóireacht, ealaíon, cultúr, spóirt agus na Gaeltachtaí. Tá dúshlán ollmhór os a comhair. Maidir leis an Meastachán Athbhreithnithe, is scéal dearfach atá ann. Ní féidir cur in aghaidh an Mheastacháin seo. Tá airgead breise do na healaíona, do Údarás na Gaeltachta agus do na hearnáil eile. An rud atá in easnamh ná comhthéacs agus cúlra. Níl aon chomhthéacs anseo mar shampla an géarchéim atá sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Níl aon aitheantas tugtha don ghéarchéim atá ann ó thaobh na teanga de. Cuireann sé sin olc orm i ndáiríre. Ní maith liom tús a chur le mo chuid oibre leis na hAirí i mbealach atá diúltach, ach tá gá le haitheantas a thabhairt agus iad ag caint faoi chúrsaí airgid agus caiteachais. Is rud dearfach é na figiúirí a bheith againn, ach gan chúlra agus gan aitheantas don ghéarchéim atá ann, tá sé thar a bheith deacair muinín a bheith agam as an gcaiteachas seo. Níor luaigh na hAirí Bille na dTeangacha Oifigiúla. Ní raibh trácht air in aon áit. Ní mór dom a rá freisin b’fhéidir as seo amach go mbeadh ceannaireacht ón dtús i gceist agus go mbeadh na hóráid i nGaeilge freisin. Le ceithre bliana anuas tá mé féin agus mo chomhghleacaithe ag troid chun dáta a fháil maidir leis an mBille. Stopfaidh mé ag an bpointe seo chun nóiméad a thabhairt don Aire a rá cén uair a bheidh Bille an dTeangacha Oifigiúla foilsithe. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:25+00:00 Sitting date: 2020-07-09