Estimates for Public Services 2020 Dail Éireann — 2020-07-09 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Go raibh míle maith agat. Sin gealltanais amháin. Ó thaobh na n-oileán de, tá díomá orm go bhfuil na hoileáin anois faoi Roinn eile. Ceapaim gur droch-chinneadh é sin ach feicfimid. Tá mé sásta obair leis na hAirí agus leis an Roinn eile. Maidir le polasaí do na hoileáin, cá bhfuil sé? Níl sé luaite in aon áit. Chuireamar rún os comhair na Dála cúpla bliain ó shin agus ghlac formhór na Dála leis an rún sin maidir le polasaí do na hoileáin. Cé atá i gceannas anois? Tá na hoileáin faoi Roinn eile. Cathain a mbeidh an polasaí sin foilsithe? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:25+00:00 Sitting date: 2020-07-09