Estimates for Public Services 2020 Dail Éireann — 2020-07-09 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Bhí an Roinn ag iarraidh comhairliúchán poiblí a dhéanamh le haghaidh mhuintir na n-oileán agus bhí sé sin ar siúl roimh Covid-19. Cé go bhfuil an fhreagracht seo ag dul go dtí Roinn dhifriúil beimid ag coimeád súil ghéar ar cad atá ag tarlú ann mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá sé do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta faoin moill agus faoi dháta ina mbeimid in ann é a fhoilsiú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:25+00:00 Sitting date: 2020-07-09