Estimates for Public Services 2020 Dail Éireann — 2020-07-09 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas mór leis an Aire Stáit. Tugann sé sin beagáinín dóchais dom go mbeidh sibh ag coinneáil súil ghéar ar an bpróiseas. Cuirfidh mé an rud seo i gcomhthéacs. Tá méadú suntasach tagtha ar an daonra ar oileáin na hAlban de bharr go bhfuil reachtaíocht agus polasaí acu. Níl siad ag obair i bhfolús sa chaoi go bhfuil na hoileáin anseo agus tá an-tábhacht ag baint leis seo. Tá a fhios agam gur chuir Covid-19 isteach ar an bpróiseas ach bhí cruinnithe i gceist agus tá súil agam go bhfuil rud foghlamtha agaibhse go dtí seo agus go bhfuil treoracha ann faoin gcaoi nó faoin mbealach a bheidh an córas cumarsáide ag dul ar aghaidh as seo amach agus go mbeidh dáta againn. Maidir le cúrsaí ealaíne, tá a fhios agam go bhfuil airgead breise curtha ar fáil agus fáiltím roimhe sin. Maidir le Gaillimh 2020 agus cúrsaí ealaíne, de réir mar a thuigim tá droch-chaoi ar chúrsaí caiteachais agus airgid ann agus níl siad in ann airgead a íoc don earnáil ealaíne. An bhfuil an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom faoin uair a bheidh airgead breise ar fáil don chóras áitiúil? Chomh maith leis sin maidir le Gaillimh 2020 féin, an bhféadfadh an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom maidir leis? Fuair an tionscadal seo réidh le foireann agus chuir sé díomá orm go raibh an t-oifigeach Gaeilge ina measc siúd. Cheap mise gurbh í an duine ba thábhachtaí, go háirithe agus muid ag caint faoi chathair dhátheangach atá ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. An féidir leis an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dom ar an dá phointe sin, lena thoil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:25+00:00 Sitting date: 2020-07-09