Estimates for Public Services 2020 Dail Éireann — 2020-07-09 ============================================================ Peadar Tóibín (AON), Meath West Is ceist an-sciobtha í. Tá fadhb ann i gContae na Mí mar gheall ar thithíocht nua atá á tógáil i Ráth Chairn. Tá An Bord Pleanála tar éis iarratas pleanála a fhaomhadh a scriosfaidh Gaeltacht Ráth Chairn ina iomláine. Tá an fhadhb sin ag teacht chun cinn arís agus arís i ngach Gaeltachta eile. Caithfidh an Rialtas a bheith sásta srian a chur ar chead pleanála sa Ghaeltacht maidir leis an líon teaghlach atá sásta an Ghaeilge a labhairt atá ag dul isteach sna háiteanna sin. Tá Gaeltachtaí leithéidí Ráth Chairn, Baile Bhuirne agus an Rinn in aice le bailte móra thart timpeall na tíre. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag eagrú córas éigin do dhaoine atá ag tógáil a chlainn le Gaeilge sna cathracha agus sna bailte móra chun go mbeidh siad in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht agus a chlainn a thógáil le Gaeilge ansin, ach a gcuirfeadh an Ghaeilge san áit tosaigh, seachas an plean atá ann i Ráth Chairn ag an mbomaite a chuireann tógáil tithe san áit tosaigh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:25+00:00 Sitting date: 2020-07-09