Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus cuirim fáilte ar ais don Chéim seo roimhe. Fáiltíonn Sinn Féin roimhe go bhfuil an tAire Stáit tar éis teacht ar ais maidir leis an leasú seo mar a gheall sé ag Céim an Choiste agus go bhfuil sé ag glacadh leis an méid a bhí le rá againn agus ag Conradh na Gaeilge. Tá rudaí ann a bhí inár leasú nach bhfuil i leasú an Aire Stáit áfach. Chinntigh ár leasú go mbeadh an Ghaeilge ann ar dtús, sa chlófhoireann chéanna leis an mBéarla agus den chló céanna agus den stíl chéanna. Chinnteodh sé nach mbeadh an Ghaeilge in italics, mar shampla, agus go gcuirfeadh an téacs i nGaeilge an fhaisnéis chéanna in iúl agus a chuireann an téacs i mBéarla in iúl. Cén fáth nach bhfuil na forálacha seo i leasú an Aire Stáit? An bhfuil aon rud beartaithe aige chun a chinntiú nach mbeidh fágtha sa chuid Gaeilge i gcumarsáid ach rud suarach nach bhfuil tábhachtach atá i bhfolach i gcló iodálach ar an chúl nó ag an deireadh? In áit an téarma "i nGaeilge" chur roimh "i mBéarla", mar atá déanta i leasú Uimh. 2 - agus tacaíonn Sinn Féin leis sin - caithfear a chinntiú go mbeidh an leagan Gaeilge de chumarsáid chun tosaigh ar an leagan Béarla. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08