Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tairgim leasú Uimh. 8: I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach: “Caighdeáin teanga sa tsainfháil phoiblí agus sa rialáil 9F. I gcás go ngabhfaidh comhlacht poiblí do phróiseas sainfhála poiblí, nó do rialáil ar earnáil seirbhíse ar leith, lena bhféachfaidh an comhlacht poiblí, lena n-áirítear rialálaí Stáit, le conradh nó ceadúnas a dhámhachtain as seirbhís phoiblí a sholáthar, ní foláir don chomhlacht poiblí sin a chinntiú go ndéanfar breithniú cuí ar chumas an pháirtí faoi chonradh na caighdeáin teanga do sheirbhísí pobal-inrochtana a leagtar amach in alt 9E a chomhlíonadh, agus go dtabharfar ualú cuí don chéanna.”. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08