Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifear leasuithe Uimh. 9 agus 10 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna atá siad. Maidir le leasú Uimh. 9, is leasú é seo a mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan ar Chéim an Choiste sa Seanad agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí sin as ucht an leasaithe seo a mholadh don Teach. Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú go mbeidh 5% d'aon airgead a chaithfidh comhlacht poiblí ar fhógraíocht in aon bhliain caite ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge. Bhí plé tairbheach ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge le déanaí ar an ábhar seo. Dá bharr sin, ba mhaith liom go mbeidh sé sonraithe sa Bhille go mbeidh 5% de chaiteachais fhógraíochta arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge. Molaim an leasú don Teach. Sílim go ndéanfaidh an leasú seo an rud céanna is atá molta ag leasú Uimh. 10. B'fhéidir go mbeidh na Seanadóirí sásta an leasú sin a tharraingt siar, dá bharr. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08