Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Is soiléir go bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile ag imirt polaitíochta leis an ábhar seo anois. Phléamar an t-ábhar seo an uair dheireanach coicís ó shin. D'fhreagair an tAire Stáit ceist na moltaí a bhí agamsa agus rinneamar socrú ar an ábhar seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Rialtas freagrach as an gcoiste earcaíochta agus as an gcoiste comhairleach Is é an coiste comhairleach a bheidh ag déileáil leis an ábhar tábhachtach seo - an earcaíocht. Táim sásta go mbeidh an Rialtas freagrach as seo. D’iarr mé ar an Aire Stáit smaoineamh ar an ábhar seo roimh dhíospóireacht an lae inniu. Táim sásta go bhfuil an cheist seo freagartha aige. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08