Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel I dtaca leis an leasú seo, geallaim do chomhghleacaithe nach bhfuilim ag imirt cluichí polaitiúla leis seo. Is ábhar polaitiúil é nuair nach bhfuil an Rialtas ag déanamh an méid agus is féidir leis agus ba cheart dó a dhéanamh i dtaca leis an ábhar seo. Níl mise ach ag athrá rudaí a bhí ráite ar Chéim an Choiste. Mar gheall ar sin, sílim gur b’fhiú an leasú seo. Neartaíonn sé an reachtaíocht agus beidh mé á bhrú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08