Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Arís, is leasú é seo a mhol an Seanadóir Seán Kyne. Tá súil agam, i ndáiríre, nach bhfuil sé chun vótáil in éadan a chuid moltaí go léir díreach toisc go bhfuil neamhaird déanta orthu ag an Aire Stáit ar an drochuair. Thacaigh Sinn Féin leis an leasú seo an uair dheireanach. Is leasú iontach simplí é chun a chinntiú go ndéanfar eolas a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an phlean náisiúnta agus an sprioc 20% faoi 2030 ag tús an phróisis, trí bliana ina dhiaidh agus arís trí bliana ina dhiaidh sin. Mar a dúirt an Seanadóir Kyne ar Chéim an Choiste: Níl ann ach rud a chinnteodh go mbeadh níos mó eolais againn faoi conas mar atá rudaí ag dul agus go mbeadh monatóireacht níos fearr ar fáil. Tar éis cúig bliana, beidh leath an ama idir seo agus 2030 imithe. Dúirt sé ag an am go raibh díomá air nár glacadh leis an leasú. Beidh díomá ormsa agus ar a lán daoine eile mura nglactar leis ag an bpointe seo. Is leasú thar a bheith réasúnta é agus bheadh sé ar dóigh dá dtig leis an Aire Stáit léiriú inniu go mbeadh sé sásta glacadh leis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08