Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Níor mhian. Tá díomá orm. Mar a dúirt mé, tá an leasú seo thar a bheith réasúnta agus sílim gur féidir linn é seo a dhéanamh. Tá sé ráite ag an Seanadóir Kyne cúpla uair maidir le leasuithe atá molta agam go bhfuil siad réitithe nó socraithe. Níl siad socraithe go dtí go bhfuil siad socraithe. Sin an fáth go bhfuil an próiseas parlaiminte seo againn. Dá mbeadh siad réitithe agus socraithe thiocfadh deireadh leis an bpróiseas sin ar Chéim an Choiste. Tá sé de dhualgas orainne cinntiú maidir leis na leasuithe seo, a mhol Seanadóirí eile chun an reachtaíocht seo a neartú, gur féidir linne mar Sheanadóirí agus mar chuid den Oireachtas teacht ar ais acu ar an gCéim seo, mar atá sé i dteideal againn a dhéanamh, chun an reachtaíocht seo a fheabhsú agus cur léi. Go dtí seo, tá sé réitithe ag na Seanadóirí Rialtais gan an seal sin a ghlacadh agus is mór an trua é sin. Mar gheall go gcreidim sa leasú seo, beidh mé á chur chun vóta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08