Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifidh mé leasuithe Uimh. 13 agus 14 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 13 a mholadh. Tá mo leasú féin, leasú Uimh. 14, á mholadh agam don Teach a chlúdaíonn an t-ábhar úd, agus mar sin ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 13. Mhol na Seanadóirí Kyne, Clifford-Lee, Ó Donnghaile, Warfield, Boylan agus Gavan leasú Uimh. 14 ar Chéim an Choiste sa Seanad agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí sin as ucht an leasaithe seo a mholadh don Teach. Dúirt mé ar Chéim an Choiste gur shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le chinntiú go mbeidh seirbhísí a ghintear taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh sna seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Bainfear an aidhm seo amach leis an leasú atá curtha síos ag an Rialtas. Ba dheas an rud é dá mbeadh dáta i leith seo á shonrú faoin mBille. Mar atá ráite agam cheana, áfach, caithfidh an dáta sin a bheith bunaithe ar fhianaise, fianaise a bheidh á bailiú ag an gcoiste comhairleach sa tréimhse amach romhainn. Molaim leasú Uimh. 14 don Teach dá réir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08