Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Lorraine Clifford-Lee (FF), Nominated by the Taoiseach Is céim chun tosaigh ollmhór í an reachtaíocht seo. Is lá mór é seo do phobal labhartha na Gaeilge agus don tír; tá sé sin cinnte. Molaim gach aon duine as an méid oibre a rinneadh chun an reachtaíocht a neartú, lucht an Fhreasúra san áireamh. Táim ag súil go mór le reachtaíocht cosúil le seo ó Thuaidh freisin chun na cearta céanna a thabhairt do dhaoine trasna na Teorann. Impím ar an Aire Stáit a dhícheall a dhéanamh ar an ábhar sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08