Official Languages (Amendment) Bill 2019: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2021-12-08 ============================================================ Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Gabhaim buíochas agus déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit, stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, an Dr. Aodhán Mac Cormaic, agus feidhmeannaigh na Roinne as ucht na hoibre atá déanta acu le cúpla bliain anuas chun an Bille seo a thabhairt trí Thithe an Oireachtais. Bhí orthu é a ullmhú ar dtús báire agus ansin na leasuithe go léir a thógáil isteach agus na tuairimí a bhí ag Teachtaí agus Seanadóirí a thógáil san áireamh freisin. Is céim thábhachtach í seo don Bhille. Beidh ar an Aire Stáit dul ar ais chuig an Dáil leis chomh luath agus is féidir agus ansin beidh deis ag an Uachtarán é a shíniú. Is céim chun tosaigh agus céim chun críche í seo. Táimid ag súil le críoch an Bhille agus an rud is tábhachtaí ná go gcuirtear an Bille i bhfeidhm agus go mbeidh níos mó cearta curtha ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:56+00:00 Sitting date: 2021-12-08