Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad Dail Éireann — 2021-12-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Maidir leis an leasú seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé go maith agus tacaím leis. Is trua nár glacadh leis an moladh a rinneamar faoi thuarascáil a ullmhú faoi na féidearthachtaí maidir le córas fíneála. Tá an t-athrú seo ceart ach céard a tharlódh mura bhfuil an bhainistíocht shinsearach sásta cloí leis seo istigh sa chomhlacht? Níl aon bhealach ann seachas go bhfeicimid ar fad tuarascáil. Is mionrud é agus ba chóir tabhairt faoi. Tá sé de cheart ag an Aire Stáit é seo a rith agus glacaim leis ach is é seo an fáth a rabhamar ag argóint faoi rudaí a bheith níos dearfaí ó thaobh “déanfaidh” seachas “féadfaidh” agus a leithéid. Is é sin an fáth nuair atáimid ag déileáil le cearta daoine gur chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos dearfaí ach níl mé chun cur i gcoinne an leasaithe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-12-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:58+00:00 Sitting date: 2021-12-15