Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad Dail Éireann — 2021-12-15 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Pléifidh mé leasuithe Uimhreacha 8, 11 agus 12 le chéile mar gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin iad seo a d’eascair ó Chéim na Tuarascála na Dála nuair a thóg an Bille an Chéim sin. Maidir le leasú Uimh. 8, táthar ag iarraidh an téacs a leasú “tríd an méid” a scriosadh agus “tríd an alt” a chur ina ionad ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla a deir “of the following section”. Maidir le leasú Uimh. 11, táthar ag iarraidh an téacs a leasú agus an focal “ná” a chur isteach ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs sa Bhille a deir: “not later than 30 June”. Maidir le leasú Uimh. 12, táthar ag iarraidh an téacs a leasú anseo ó “chun an Choiste Chomhairligh” go dtí “chun an Choiste Logainmneacha”. In alt 13 (7), déantar tagairt “chun an Choiste Chomhairligh” seachas “chun an Choiste Logainmneacha”. Tá an leasú de dhíth ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla sa Bhille. Molaim an leasú seo don Teach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-12-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:58+00:00 Sitting date: 2021-12-15