Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad Dail Éireann — 2021-12-15 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Arís, is leasú dearfach é seo. Cheap mé go mbeadh sé intuigthe sa mhéid a bhí san Acht cheana féin agus ar a laghad tá an tAire Stáit ag déanamh cinnte de nach mbeidh dabht ar bith ag aon duine mar gheall ar na seirbhísí ar ghá a bheith i nGaeilge do cheantair Ghaeltachta. Fiú má tá an tseirbhís ag teacht ó lasmuigh den Ghaeltacht, caithfear í a chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta. Táimid ag fanacht ar a leithéid de sin le beagnach 100 bliain, má smaoinítear siar go dtí tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 1925 a luaigh mé níos luaithe. D'aithin an coimisiún na fadhbanna a bhí ann maidir le seirbhísí Stáit a bheith ar fáil i nGaeilge. Ar a laghad, tá dul chun cinn anseo. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil as Gaeilge. Is dúshlán é sin don Aire Stáit, don choiste comhairleach agus do na caighdeáin atá le leagan amach ag an Aire Stáit anois toisc go bhfuil an Bille seo chun a bheith rite. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-12-15/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:58+00:00 Sitting date: 2021-12-15