Straitéisí Ranna Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Chuir mé an cheist seo mar gur aithin mé, agus an tAire Stáit féin ina fhreagra, go bhfuil deis ann anois toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeidh airgead ann agus nach mbeidh ar na hirisí, na tréimhseacháin nó ar na nuachtáin - mar is nuachtán i dtús báire atá i gceist anseo – a bheith spleách ar an Stát, ach chun tús a chur le nuachtán fisiciúil, is é sin ceann clóite. Tá gá le hairgead maidir leis sin agus is é sin an fáth go bhfuil mé ag lorg go mbeadh an Roinn ag féachaint an féidir léi, nó an fiú di, nuachtán clóite, seachas tréimhseachán nó iris, a athbhunú arís? Fáiltím roimh an méid atá ann ó thaobh na n-irisí de ach tá gá dúinn féachaint ní hamháin ar na nuachtáin chlóite, ach go mbeidh siad ar líne chomh maith. Tá Tuairisc.ie ann agus tá Peig.ie ach tá i bhfad Éireann níos mó ar féidir leo a dhéanamh. Is nuachtán fisiciúil atá i gceist sa fhreagra seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20