Straitéisí Ranna Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá an ceart ag an Teachta an cheist seo a ardú. Tá tábhacht nach beag le réimse na foilsitheoireachta don phobal. I mí na Nollag 2018, d'ullmhaigh Séamus Daltún tuairisc ar an anailís ar na meáin Ghaeilge atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. I mí Iúil 2019 rinne Pádraig Ó Ciardha taighde dar teideal Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn. Anuas ar an dá phíosa taighde sin, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin le hearnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne ag tús na bliana 2020. Bunaíodh ar an taighde sin atá luaite agam agus ar an próiseas comhairliúcháin, cinneadh trí scéim cúig-bliana a riaradh mar a leanas: scéim do nuachtáin ar líne faoina fhaigheann Tuairisc.ie tacaíocht; scéim d'irisí Gaeilge faoina fhaigheann leagan clóite agus ar líne Comhar tacaíocht; agus scéim d'irisí stíl-mhaireachtála faoina fhaigheann Nós tacaíocht. Mar atá ráite agam, déanfaidh Foras na Gaeilge infheistíocht de suas do €2.5 milliún sa réimse seo na foilsitheoireachta i gcaitheamh cúig bliana na scéime. Bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair, níl sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil do nuachtán clóite. B'fhéidir go mbeidh seans agam tuilleadh eolais a thabhairt nuair a thagaim ar ais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20