Straitéisí Ranna Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a luaigh mé, idir 2018 agus 2020 rinneadh taighde agus ritheadh trí phróiseas comhairliúcháin d'earnáil na meán Gaeilge. Bunaithe ar thorthaí agus ar mholtaí an phróisis comhairliúcháin agus taighde sin, rinneadh cinntí maidir leis an réimse seo. Dúirt mé cheana go bhfuil sé mar fhoráil de chuid Achta na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí is Stáit 5% den bhuiséad bliantúil fógraíochta atá ar fáil dóibh a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Leis an airgead seo ar fáil d'earnáil na meán Gaeilge, bheinn den tuairim go n-osclófaí deiseanna gnó tráchtála d'irisí nua gan aon ghá dóibh a bheith ag braith ar dheontais Stáit le fanacht ag trádáil. Tá poitéinseal sa chur chuige nua bhorradh a chur faoin earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua san earnáil i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmiú trí mheán na Gaeilge. Beidh go leor deiseanna nua ann i meáin na Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20