An Ghaeltacht Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Aithním gur sheol an tAire Stáit an taighde agus an tuarascáil seo agus aithním gur thug an Roinn airgead chun an tuarascáil a chur le chéile. I bhfad níos tábhachtaí, an rud atá ráite laistigh den tuarascáil, ná gur taighde tánaisteach é. Ní taighde nua atá ann ach tá an taighde bailithe le chéile agus tá teachtaireacht láidir ann. Is léir ón taighde a rinneadh sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na teanga. An fáth a chuir mé an cheist ná go bhfuil na moltaí seo thar a bheith praiticiúil, go háirithe ó thaobh feighlithe linbh, moladh 6.6. Táthar ag iarraidh go mbeadh struchtúr ann a éascódh an tslí gur féidir le clainne teacht ar dhaoine chun aire a thabhairt do na páistí le Gaeilge ó dhúchas nó le neart Gaeilge. Cad iad na rudaí praiticiúla atá á déanamh ag an Roinn bunaithe ar an taighde seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20