An Ghaeltacht Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Aontaím leis an Teachta go bhfuil an taighde an-tábhachtach agus go bhfuil na moltaí an-phraiticiúil. Mar a luaigh mé, tá sé beartaithe grúpa oibre a bhunú faoi chathaoirleach mo Roinne chun bearta ar leasa tuismitheoirí den chineál a luaigh mé á chomhordú agus á bhrú chun cinn. Beidh ionadaíocht ag páirtithe leasmhara ar an ngrúpa ar a n-airítear oifigigh pleanála teanga Údaráis na Gaeltachta agus ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta féin. Eagrófar an chéad chruinniú den ghrúpa go luath. Geallaim don Teachta agus don Teach go leanfaidh mé agus mo Roinn ag féachaint chuige go mbainfear an leasa is fearr gur féidir as an gciste breise a bhí ar mo chumas a shlánú do 2022 don clár tacaíochta pobal agus teanga agus don phróiseas pleanála teanga. Beidh sé chun leasa cur chun cinn na Gaeilge ar a n-airítear an réimse teaghlaigh ar fud fad na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20