Ceisteanna Craolacháin Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Dá mbeadh na rialacha mar atá siad leagtha síos sa Fhrainc i gceist maidir le, mar shampla, Netflix in Éirinn, chuirfeadh sé €10 milliún bhreise ar leataobh lena chinntiú go mbeadh ábhar breise scannánaíochta nó cláir chlosamhairc ar fáil. Mar chuid den chóras sa Fhrainc, caithfear 75% den 20% a chaitheamh ar ábhair i bhFraincis. Tá sé tábhachtach, agus muid ag féachaint air seo, go dtarlóidh sé sin. Mar a dúirt an tAire, tá RTÉ agus a leithéid i gceist. Tá ualach á chur orthu íoc arís amach anseo. Caithfidh siad a n-obair féin a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Sa chás seo, táim ag impí go mbeadh ar Netflix agus a leithéid ar a laghad 20% nó 25% dá n-ioncam a chaitheamh ar na hábhair seo agus go dtabharfar tús áite don Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20